Saturday, November 23, 2019

Maidin Shamhna

Ciúin atá sé i nGarraí na mBláthanna an Satharn Samhna seo, leis an ngriain sa spéir bhánghorm ag déanamh tréaniarrachta in aisce teas a chur i dtalamh dhonn Nua Gheirsí.

Nach aoibhinn a bheith beo, a deir na scoláirí óga nach bhfuil scoil acu an mhaidin seo, ag únfairt go caochshúileach sa leaba agus ag casadh go mallchorpach ar ais le hadhairt, míogarnach na maidine á gcoinneáil faoin phluid.

Nach aoibhinn a bheith beo, a deir an t-oide féin, éirithe go luath as a stuaim féin agus ag scríobh leis go sásta, barra na méar ag cniogadh cnaipí a ríomhaire, cupán tae láidir lena thaobh, aoibh ar a aghaidh agus léaspairt ar a intinn.

Go dearfa, go dearfa, nach aoibhinn a bheith beo.