Showing posts with label Oireachtas na Samhna. Show all posts
Showing posts with label Oireachtas na Samhna. Show all posts

Thursday, November 21, 2024

Duais sa Scéalaíocht in Oireachtas na Samhna 2024

 Bhuaigh mé an dara duais sa chomórtas scéalaíochta in Oireachtas na Samhna 2024 leis an scéal "Fionn Mac Cumhaill agus an Bhean Ruadh!

 I won second prize in Oireachtas na Samhna 2024 with the story "Fionn Mac Cumhaill and the Redheaded Woman"

 Seo nasc go dtí an scéal: https://sites.google.com/view/sgeal/home



 

Friday, November 17, 2017

Duais Litríochta Gnóthaithe ag an Dr. Brian Ó Broin in Oireachtas 2017

Duais Litríochta Gnóthaithe ag an Dr. Brian Ó Broin in Oireachtas 2017

Bronnadh an chéad duais ar an Dr. Brian Ó Broin dá úrsceal An Eachtra sa Chaisleán agus an Triuf i gcomórtas litríochta An Oireachtais 2017.

Is Gaillimheach é an Dr. Brian Ó Broin a bhfuil cónaí air i Nua Gheirsí lena bhean chéile Jo Schuster agus a iníonacha Ána agus Fiona. Is Lán-Ollamh é le Teangeolaíocht agus Litríocht na Meánaoise in Ollscoil William Paterson, Wayne, NJ.

Bronnadh an duais ar an 1ú lá Samhain, lá oscailte féile ealaíona an Oireachtais, i gCill Airne.

Tá an t-úrscéal suite sa lá atá inniu ann sa "Tír Idir Dhá Loch" - an ceantar idir an Spidéal agus Cladaigh Loch Coirib, áit a bhfuil an forbróir Meiriceánach Dónall Triuf ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar thailte agus maoin an cheantair dá ghalfchúrsa agus ionad saoire galánta.

Déagóirí as Nua Eabhrac iad príomhcharachtair an leabhair a nochtann mistéirí agus comhcheilg agus iad ag taisteal in Éirinn. Thosaigh comórtas an Oireachtais sa bhliain 1897.

Ghnóthaigh an Dr. Ó Broin duais Oireachtais cheana sa bhliain 2001, dá dhráma Na hEorpaigh agus i 2015 dá úrscéal An Eachtra ar Oileán na Rún.

Fuair an Dr. Ó Broin a bhunoideachas i nGaillimh (Scoil Fhursa, Coláiste Iognáid, agus OÉG) agus Baile Átha Cliath (Coláiste na Carraige Duibhe) sula ndearna sé staidéar iarchéime i gCorcaigh, sa Ghearmáin, agus sna Stáit Aontaithe.

Níos mó faoin leabhar anseo: https://sites.google.com/view/caisleantriuf/home

Níos mó eolais faoin Oireachtas anseo: www.antoireachtas.ie

Níos mó faoin Dr. Ó Broin anseo: https://sites.google.com/site/professorbrianobroin/