Thursday, April 23, 2020

Ciorcal Comhrá NJ/NYC Dé hAoine 24ú Aibreán 2pm EST


Beidh ciorcal comhrá NYC/NJ ag teacht le chéile ag 1400 Dé hAoine 23ú Aibreán (am NYC [EST]) ag an seoladh seo leanas:
Sin 1900-2000 (7pm-8pm), am na hÉireann.
Beidh an pasfhocal seo leanas ag teastáil chun páirt a ghlacadh ann: comhra (díreach mar a fheiceann tú é, gan fada).
Beidh fáilte roimh aon duine ar bith in aon áit timpeall an domhain.
Ní leanfaidh an ciorcal comhrá ach 40-60 nóiméad.
 

Saturday, November 23, 2019

Maidin Shamhna

Ciúin atá sé i nGarraí na mBláthanna an Satharn Samhna seo, leis an ngriain sa spéir bhánghorm ag déanamh tréaniarrachta in aisce teas a chur i dtalamh dhonn Nua Gheirsí.

Nach aoibhinn a bheith beo, a deir na scoláirí óga nach bhfuil scoil acu an mhaidin seo, ag únfairt go caochshúileach sa leaba agus ag casadh go mallchorpach ar ais le hadhairt, míogarnach na maidine á gcoinneáil faoin phluid.

Nach aoibhinn a bheith beo, a deir an t-oide féin, éirithe go luath as a stuaim féin agus ag scríobh leis go sásta, barra na méar ag cniogadh cnaipí a ríomhaire, cupán tae láidir lena thaobh, aoibh ar a aghaidh agus léaspairt ar a intinn.

Go dearfa, go dearfa, nach aoibhinn a bheith beo.

Wednesday, August 29, 2018

Code Club - AS GAEILGE!

An t-Ollamh Brian Ó Broin ó William Paterson University, Wayne, NJ, i mbun chlub chódála d'ógánaigh i ríomhlann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh ina lárionad Gaeltachta Dún Chiobháin. Reachtáladh an club códála mar chuid de sheachtain chónaithe bhliantúil do theaghlaigh as gach cearn d'Éirinn ina bhfuil na páistí á dtógáil le Gaeilge, seachtain a eagraíonn Glór na nGael. Rinne an chódáil go léir trí Ghaeilge, a bhuíochas leis  An Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil St. Louis agus foireann aistritheoirí a logánaigh an aip chódála Scratch don Ghaeilge.
Cabrini de Barra agus Sinéad Ní Mhearnóg ó Glór na nGael a d'eagraigh an tseachtain, a ghlac na scórtha teaghlaigh páirt ann i mbliana.













Code Club - AS GAEILGE!

Professor Brian Ó Broin of William Paterson University, Wayne, NJ, leading a coding club of excited youngsters at University College Cork's Baile an Fheirtéaraigh student facility Dún Chiobháin. The Coding Club was held as part of an annual residential week for Irish speaking families from all over Ireland that the language promotion body Glór na nGael organizes. Coding was done entirely through Irish, courtesy of Professor Kevin Scannell of St. Louis University and a team of translators who localized the popular coding app Scratch for the Irish language.
Cabrini de Barra and Sinéad Ní Mhearnóg organized the week for Glór na nGael. The event now welcomes literally scores of families from all corners of Ireland and beyond.














Friday, November 17, 2017

Brian Ó Broin Wins Major Oireachtas Literary Prize - Again! (2017)

Galwayman Wins Major Oireachtas Literary Prize Again

Galwayman Brian Ó Broin has been awarded first prize in the national literary competition An t-Oireachtas for his novel An Eachtra sa Chaisleán agus an Triuf ("The Incident in the Castle and the Trump Card").

Dr. Ó Broin, who lives in New Jersey with his wife Jo Schuster and daughters Ána and Fiona, is Professor of Linguistics and Medieval Literature at William Paterson University, Wayne, NJ. The prize was awarded in Killarney on the 1st of November, the first day of the Oireachtas's performance festival.

Dr. Ó Broin's novel is directed at teenage readers, and is set in the historic and picturesque "Tír idir Dhá Loch" between An Spidéal and Loch Corrib, where the obnoxious American Developer Dónall Triuf is trying to illegally buy up land for his luxury resort and golf course. The protagonists are New York-based teenagers on holiday in Ireland who uncover the plot.

An t-Oireachtas has been held annually since 1897. Dr. Ó Broin previously won Oireachtas prizes in 2001 for his full-length play Na hEorpaigh ("The Europeans") and in 2015 for his novel An Eachtra ar Oilean na Rún ("The Island of Secrets").

Dr. Ó Broin was educated in Galway (Scoil Fhursa, Coláiste Iognáid, and NUIG) and Dublin (Blackrock College) before going on to graduate studies in Cork, Germany, and the United States.

More about the Oireachtas here: www.antoireachtas.ie



Duais Litríochta Gnóthaithe ag an Dr. Brian Ó Broin in Oireachtas 2017

Duais Litríochta Gnóthaithe ag an Dr. Brian Ó Broin in Oireachtas 2017

Bronnadh an chéad duais ar an Dr. Brian Ó Broin dá úrsceal An Eachtra sa Chaisleán agus an Triuf i gcomórtas litríochta An Oireachtais 2017.

Is Gaillimheach é an Dr. Brian Ó Broin a bhfuil cónaí air i Nua Gheirsí lena bhean chéile Jo Schuster agus a iníonacha Ána agus Fiona. Is Lán-Ollamh é le Teangeolaíocht agus Litríocht na Meánaoise in Ollscoil William Paterson, Wayne, NJ.

Bronnadh an duais ar an 1ú lá Samhain, lá oscailte féile ealaíona an Oireachtais, i gCill Airne.

Tá an t-úrscéal suite sa lá atá inniu ann sa "Tír Idir Dhá Loch" - an ceantar idir an Spidéal agus Cladaigh Loch Coirib, áit a bhfuil an forbróir Meiriceánach Dónall Triuf ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar thailte agus maoin an cheantair dá ghalfchúrsa agus ionad saoire galánta.

Déagóirí as Nua Eabhrac iad príomhcharachtair an leabhair a nochtann mistéirí agus comhcheilg agus iad ag taisteal in Éirinn. Thosaigh comórtas an Oireachtais sa bhliain 1897.

Ghnóthaigh an Dr. Ó Broin duais Oireachtais cheana sa bhliain 2001, dá dhráma Na hEorpaigh agus i 2015 dá úrscéal An Eachtra ar Oileán na Rún.

Fuair an Dr. Ó Broin a bhunoideachas i nGaillimh (Scoil Fhursa, Coláiste Iognáid, agus OÉG) agus Baile Átha Cliath (Coláiste na Carraige Duibhe) sula ndearna sé staidéar iarchéime i gCorcaigh, sa Ghearmáin, agus sna Stáit Aontaithe.

Níos mó faoin leabhar anseo: https://sites.google.com/view/caisleantriuf/home

Níos mó eolais faoin Oireachtas anseo: www.antoireachtas.ie

Níos mó faoin Dr. Ó Broin anseo: https://sites.google.com/site/professorbrianobroin/