Monday, September 25, 2017
ASIMS Outing II
https://photos.app.goo.gl/L1vOwNJUh1N9CwWp2
ASIMS Outing to Athassel and Cashel 9/2017
https://photos.app.goo.gl/dnqgYrTxT255ZXGt1
Saturday, September 16, 2017
Monday, September 11, 2017
Wednesday, August 23, 2017
Dishonesty of Irish Catholic Church
The sale of playing fields at Clonkeen College (Irish Times, "Christian
Brothers to sell Clonkeen playing fields for €26m," July 16th) continues a
recent trend of dishonesty in land ownership by the Catholic religious orders
and several of the Catholic dioceses. The Catholic Church owns many many
thousands of acres of land across Ireland, much of it left in trust to them by
wealthy Catholic landowners after the lifting of penal laws. Must assuredly the
previous owners of the land would never have agreed to such endowments if they
knew that the orders would simply use these properties as slush funds, with
large tracts being sold to property developers whenever an abuse scandal raised
its head.
There is an urgent need for the land already in the
hands of the church to be regulated for the community use it was obviously
intended for. The playing fields at Clonkeen College were never intended for
property development, and this is just one example of hundreds of dubious
property deals being done behind closed doors by secretive agents of orders,
dioceses, and mysterious "trusts."
The communications director of the Christian Brothers
in 2008 promised that the Clonkeen playing fields would remain as long as
Clonkeen College existed. We now know how valuable his word was.
Irish towns and cities desperately need more open
space for community use, and the church is sitting on land which it sees as
nothing more than a big piggy bank. It would be wonderful to see this land
being set aside for us, and not just the developers.
I would suggest that this is the perfect time for the
various branches of the Catholic Church, in consultation with the state, to
take stock of the land they own in Ireland and introduce binding legal
safeguards for that land's continuing availability to the people of Ireland.
Friday, July 28, 2017
Fág Seo! Fadhbanna agus Deacrachtaí Aistrithe i gCláir na bPáistí ar TG4: Nodanna d'Aistritheoirí agus d'Fhoghlaimeoirí
An t-Alt go léir ar fáil anseo: https://antullmor.files.wordpress.com/2014/12/obroin2014.pdf
"Fág Seo! Fadhbanna agus Deacrachtaí Aistrithe i gCláir na bPáistí ar TG4: Nodanna d'Aistritheoirí agus d'Fhoghlaimeoirí."
Brian Ó Broin
Ollscoil William Paterson, NJ
"Fág Seo! Fadhbanna agus Deacrachtaí Aistrithe i gCláir na bPáistí ar TG4: Nodanna d'Aistritheoirí agus d'Fhoghlaimeoirí."
Brian Ó Broin
Ollscoil William Paterson, NJ
Réamhfhocal
Dora (agus a cairde) is cúis le teideal an
pháipéir seo. Éinne a bhfuil Dora feicthe acu, beidh a fhios acu go n-athraítear
an Béarla/Spáinnis "Come On, Vamonos"[1] san
amhrán aitheantais go "Fág Seo, Vámonos." Sa chás seo, aistriúchán
maith is ea é, mar tá Dora ag gríosadh an lucht féachana an áit ina bhfuil siad
a fhágáil agus dul léi ag eachtraíocht. Ach tá dhá chiall leis an nath sa mBéarla: go fisiciúil ("Come on/Let's go [away from this place]") agus go fíorach ("Come on/Let's
[get this job done]"). Sa Ghaeilge fág
seo níl ach an chiall fhisiciúil leis an bhfrás. Má deir tú "fág
seo", ta tú ag moladh le duine eile an áit ina bhfuil sibh a fhágáil. Ach go rómhinic, deireann
carachtar éigin i gcartúin Ghaeilge "Fág seo" le duine éigin i gciall
fhíorach an Bhéarla, rud a thugann le fios go bhfuil an t-aistritheoir ag
innéacsú[2] Gaeilge
ar Bhéarla gan smaoineamh ar chialla difriúla na bhfocal sa Ghaeilge. 'S é sin,
tá Béarla ag teastáil ón duine féachana
chun ciall a bhaint as an nGaeilge. Fágann sin an Ghaeilge a chloistear sna cláracha mar chód bunaithe ar Bhéarla[3].
Tá nóta criticiúil ag an bpáipéar seo, ach ní
cheart don léitheoir, dá réir sin, ceapadh go bhfuil an t-údar seo míshásta le
cláracha Gaeilge na bpáistí ar TG4. Go deimhin, níl oiread is clár amháin ar
TG4 nach ligfinn do mo pháistí féin breathnú air, fiú agus a fhios agam go
bhfuil laigí ann. Tá cláracha Béarla
na bpáistí in Éirinn, sa Bhreatain, agus sna Stáit Aontaithe breac le botúin
agus béarlagair cheana féin, agus fós féin tagann páistí Béarlacha amach
lánlíofa sa teanga sin. B'fhéidir go bhfuil tionchar beag ag an teilifís ar
theanga páistí, ach ní athróidh sé a saol.
Mar sin, b'fhearr liom an páipéar seo a úsáid
chun breathnú ar na fadhbanna aistrithe a thagann chun solais trí chaint na
gcarachtar sna cláracha. Tionchar an Bhéarla an fhadhb is mó a fheictear, ach
ná bímis róbhuartha faoi sin. Tá saol na Gaeilge báite sa Bhéarla cheana fein,
agus ba cheart glacadh leis go mbeimid ag goid ó phríomhtheanga na hÉireann
agus an domhain, díreach mar a ghoid Béarla ón Fhraincis ar feadh na gcéadta
bliana (Pyles and Algeo 295-299). Comhartha sláinte is ea é freisin, ó is gadaí
gach teanga bheo[4].
[2] Séard is brí
le innéacsú sa chomhthéacs seo ná
Gaeilge a leagan síos ar Bhéarla focal ar fhocal, gan leagan níos nádúrtha a
lorg: He-is-happy = Tá-sé-áthasach.
[3] Tabharfar le
fios níos déanaí sa pháipéar seo nach drochrud é seo go hiomlán, agus go
deimhin go bhfuil sé dosheachanta do mhionteangach.
[4] [T]hese languages must continually translate from major languages in
order to retain ‘their vitality and relevance as living languages’ (Cronin
1995: 89).
Labels:
Aistriúchán,
Children,
Cúla4,
Dora,
Gaeilge,
Gaelic,
Ireland,
Irish,
Language,
Linguistics,
Páistí,
TG4,
TnaG,
Translation
Subscribe to:
Posts (Atom)