Friday, July 28, 2017

Fág Seo! Fadhbanna agus Deacrachtaí Aistrithe i gCláir na bPáistí ar TG4: Nodanna d'Aistritheoirí agus d'Fhoghlaimeoirí

An t-Alt go léir ar fáil anseo: https://antullmor.files.wordpress.com/2014/12/obroin2014.pdf

"Fág Seo! Fadhbanna agus Deacrachtaí Aistrithe i gCláir na bPáistí ar TG4: Nodanna d'Aistritheoirí agus d'Fhoghlaimeoirí."
Brian Ó Broin
Ollscoil William Paterson, NJ

Réamhfhocal

Dora (agus a cairde) is cúis le teideal an pháipéir seo. Éinne a bhfuil Dora feicthe acu, beidh a fhios acu go n-athraítear an Béarla/Spáinnis "Come On, Vamonos"[1] san amhrán aitheantais go "Fág Seo, Vámonos." Sa chás seo, aistriúchán maith is ea é, mar tá Dora ag gríosadh an lucht féachana an áit ina bhfuil siad a fhágáil agus dul léi ag eachtraíocht. Ach tá dhá chiall leis an nath sa mBéarla: go fisiciúil ("Come on/Let's go [away from this place]") agus go fíorach ("Come on/Let's [get this job done]"). Sa Ghaeilge fág seo níl ach an chiall fhisiciúil leis an bhfrás. Má deir tú "fág seo", ta tú ag moladh le duine eile an áit ina bhfuil sibh a fhágáil. Ach go rómhinic, deireann carachtar éigin i gcartúin Ghaeilge "Fág seo" le duine éigin i gciall fhíorach an Bhéarla, rud a thugann le fios go bhfuil an t-aistritheoir ag innéacsú[2] Gaeilge ar Bhéarla gan smaoineamh ar chialla difriúla na bhfocal sa Ghaeilge. 'S é sin, tá Béarla ag teastáil ón duine féachana chun ciall a bhaint as an nGaeilge. Fágann sin an Ghaeilge a chloistear sna cláracha mar chód bunaithe ar Bhéarla[3].
Tá nóta criticiúil ag an bpáipéar seo, ach ní cheart don léitheoir, dá réir sin, ceapadh go bhfuil an t-údar seo míshásta le cláracha Gaeilge na bpáistí ar TG4. Go deimhin, níl oiread is clár amháin ar TG4 nach ligfinn do mo pháistí féin breathnú air, fiú agus a fhios agam go bhfuil laigí ann. Tá cláracha Béarla na bpáistí in Éirinn, sa Bhreatain, agus sna Stáit Aontaithe breac le botúin agus béarlagair cheana féin, agus fós féin tagann páistí Béarlacha amach lánlíofa sa teanga sin. B'fhéidir go bhfuil tionchar beag ag an teilifís ar theanga páistí, ach ní athróidh sé a saol.
Mar sin, b'fhearr liom an páipéar seo a úsáid chun breathnú ar na fadhbanna aistrithe a thagann chun solais trí chaint na gcarachtar sna cláracha. Tionchar an Bhéarla an fhadhb is mó a fheictear, ach ná bímis róbhuartha faoi sin. Tá saol na Gaeilge báite sa Bhéarla cheana fein, agus ba cheart glacadh leis go mbeimid ag goid ó phríomhtheanga na hÉireann agus an domhain, díreach mar a ghoid Béarla ón Fhraincis ar feadh na gcéadta bliana (Pyles and Algeo 295-299). Comhartha sláinte is ea é freisin, ó is gadaí gach teanga bheo[4].



[1] Is minicí "Let's Go, Vámonos" sna leaganacha Eorpacha, is cosúil.
[2] Séard is brí le innéacsú sa chomhthéacs seo ná Gaeilge a leagan síos ar Bhéarla focal ar fhocal, gan leagan níos nádúrtha a lorg: He-is-happy = Tá-sé-áthasach.
[3] Tabharfar le fios níos déanaí sa pháipéar seo nach drochrud é seo go hiomlán, agus go deimhin go bhfuil sé dosheachanta do mhionteangach.
[4] [T]hese languages must continually translate from major languages in order to retain ‘their vitality and relevance as living languages’ (Cronin 1995: 89).

No comments:

Post a Comment