Friday, November 17, 2017

Duais Litríochta Gnóthaithe ag an Dr. Brian Ó Broin in Oireachtas 2017

Duais Litríochta Gnóthaithe ag an Dr. Brian Ó Broin in Oireachtas 2017

Bronnadh an chéad duais ar an Dr. Brian Ó Broin dá úrsceal An Eachtra sa Chaisleán agus an Triuf i gcomórtas litríochta An Oireachtais 2017.

Is Gaillimheach é an Dr. Brian Ó Broin a bhfuil cónaí air i Nua Gheirsí lena bhean chéile Jo Schuster agus a iníonacha Ána agus Fiona. Is Lán-Ollamh é le Teangeolaíocht agus Litríocht na Meánaoise in Ollscoil William Paterson, Wayne, NJ.

Bronnadh an duais ar an 1ú lá Samhain, lá oscailte féile ealaíona an Oireachtais, i gCill Airne.

Tá an t-úrscéal suite sa lá atá inniu ann sa "Tír Idir Dhá Loch" - an ceantar idir an Spidéal agus Cladaigh Loch Coirib, áit a bhfuil an forbróir Meiriceánach Dónall Triuf ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar thailte agus maoin an cheantair dá ghalfchúrsa agus ionad saoire galánta.

Déagóirí as Nua Eabhrac iad príomhcharachtair an leabhair a nochtann mistéirí agus comhcheilg agus iad ag taisteal in Éirinn. Thosaigh comórtas an Oireachtais sa bhliain 1897.

Ghnóthaigh an Dr. Ó Broin duais Oireachtais cheana sa bhliain 2001, dá dhráma Na hEorpaigh agus i 2015 dá úrscéal An Eachtra ar Oileán na Rún.

Fuair an Dr. Ó Broin a bhunoideachas i nGaillimh (Scoil Fhursa, Coláiste Iognáid, agus OÉG) agus Baile Átha Cliath (Coláiste na Carraige Duibhe) sula ndearna sé staidéar iarchéime i gCorcaigh, sa Ghearmáin, agus sna Stáit Aontaithe.

Níos mó faoin leabhar anseo: https://sites.google.com/view/caisleantriuf/home

Níos mó eolais faoin Oireachtas anseo: www.antoireachtas.ie

Níos mó faoin Dr. Ó Broin anseo: https://sites.google.com/site/professorbrianobroin/


No comments:

Post a Comment