Wednesday, August 29, 2018

Code Club - AS GAEILGE!

An t-Ollamh Brian Ó Broin ó William Paterson University, Wayne, NJ, i mbun chlub chódála d'ógánaigh i ríomhlann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh ina lárionad Gaeltachta Dún Chiobháin. Reachtáladh an club códála mar chuid de sheachtain chónaithe bhliantúil do theaghlaigh as gach cearn d'Éirinn ina bhfuil na páistí á dtógáil le Gaeilge, seachtain a eagraíonn Glór na nGael. Rinne an chódáil go léir trí Ghaeilge, a bhuíochas leis  An Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil St. Louis agus foireann aistritheoirí a logánaigh an aip chódála Scratch don Ghaeilge.
Cabrini de Barra agus Sinéad Ní Mhearnóg ó Glór na nGael a d'eagraigh an tseachtain, a ghlac na scórtha teaghlaigh páirt ann i mbliana.













No comments:

Post a Comment