Wednesday, August 14, 2024

An Chéad Chlosleabhar Gaeilge sa bhFearann Poiblí ar Fáil anois go hIdirnáisiúnta

 Tá ollamh le teangeolaíocht as Gaillimh, atá anois ag obair i gceantar Nua Eabhraic, tar éis an chéad chlosleabhar Gaeilge a chur ar fáil sa bhfearann poiblí. Bailiúchán béaloidis as 5 chontae in Iarthar na hÉireann atá sa leabhar, darb ainm An Sgéaluidhe Gaedhealach, a foilsíodh i 1901.


Thaifead an t-Ollamh Brian Ó Broin, a mhúineann teangeolaíocht ar William Paterson University, New Jersey, na 35 scéal thar thréimhse 18 mhí, ag tosú le fearas taifeadta simplí agus ag críochnú an tionscadail i stiúdeónna stáisiún raidió na hollscoile, WPSC-FM. B'éigean dó eagar a chur ar 40 uair a chloig de réamhthaifid, agus tá 13 uair a chloig sa táirge deireannach.


Is é Dubhghlas de hÍde, iar-uachtarán Éireann agus duine de bhunaitheoirí Conradh na Gaeilge, a chuir an bailiúchán le chéile sa bhliain 1901, tar éis dó na scealta a fhoilsiú i nGaeilge agus i bhFraincis in iris acadúil Bhriotáineach.


D'eascair An Sgéaluidhe Gaedhealach as tionscadal bailithe seanchais a thosaigh de hÍde agus é fós ina mhacléinn i gColáiste na Tríonóide sna 1880aí. Ba chuid lárnach é dá fheachtas leanúnach litríocht dúchasach na hÉireann a chur ar bhonn chomhionannais le litríocht ar bith eile san Eoraip. Bailíodh na 35 scéal ó sheanchaithe i gcúig chontae in Éirinn, agus is samplaí iontacha uad de scéalta traidisiúnta agus nua, ó eachtraithe fiannaíochta suas go dtí scéalta taibhsí, meirligh, draoithe, tiarnaí, agus seoid faoi thalamh.


Tá roinnt closleabhair Ghaeilge ar fáil cheana féin, ach is é seo an chéad chlosleabhar ariamh atá go hiomlán san fhearann poiblí, agus atá ar fáil saor in aisce le híoslódáil mar théacs agus mar thaifead. Tá teacht air ag www.librivox.org.


Tionscadal idirnáisiúnta is ea Librivox atá sé mar aidhm aige téacsanna atá san fhearann poiblí a chur ar fáil mar chlosleabhair. Bhunaigh an foilsitheoir agus gníomhaí Ceanádach Hugh McGuire é sa bhliain 2005, agus oibríonn an tionscadal lámh ar lámh leis an Internet Archive agus Project Gutenberg


Tá srian áirithe le closleabhair a bheith ar fáil as Gaeilge san fhearann poiblí mar gheall ar dhlí an chóipchirt. In Éirinn, ní théann téacsanna isteach san fhearann poiblí go ceann seachtó bliana i ndiaidh bhás an údair. Fágann sin nach mbeidh clasaicí mar Cré na CilleAn Béal Bocht san fhearann poiblí go dtí na 2030aí nó na 2040aí, agus dá réir sin ní cheadaítear iad a chur ar fáil mar chlosleabhair saor in aisce.


Ní haon chúnamh é stair na foilsitheoireachta Gaeilge. Foilsíodh mórchuid na dtéacsanna atá san fhearann poiblí i gclófhoirne Gaelacha faoi chórais litrithe agus gramadaí atá tamall maith ó Ghaeilge chaighdeánaithe na linne seo, agus cothaíonn seo deacrachtaí móra do lucht an taifeadta agus léitheoirí araon. Ar ámharaí an tsaoil, foilsíodh an leabhar seo sa chló rómhánach, rud a chuir go mór lena inléiteacht.


Níos mó eolais: https://sites.google.com/view/sgeal/

Teagmháil: Professor Brian Ó Broin, brianeanna [ag] hotmail.com

Seol ríomhphost más mian leat teagmháil teileafóin, Zoom nó Skype a dhéanamh leis an Ollamh Ó Broin

No comments:

Post a Comment